Déanann grúpa tithíochta as an nGaeltacht géarcháineadh ar fhorógra olltoghcháin Fhianna Fáil
Níl “faic” i bhforógra olltoghcháin Fhianna Fáil a rachadh i ngleic leis an ngéarchéim tithíochta na Gaeltachta dar leis an ngrúpa Tinteán.
Tá an eagraíocht feachtasaíochta tithíochta tar éis géarcháineadh ar an gcáipéis “Ag Bogadh Ar Aghaidh le Céile” atá foilsithe ag an bpáirtí.
Maíonn an forógra go bhfuil Fianna Fáil tar éis “feabhas suntasach a dhéanamh ar pholasaithe a bhaineann leis an nGaeilge agus an Ghaeltacht”.
Áfach, rinne Tinteán bréagnú ar an maíomh seo. I ráiteas an tseachtain seo chaite, dúirt an grúpa gur “gheall Fianna Fáil arís agus arís eile go bhfoilseofaí na treorlínte pleanála don Ghaeltachta.”
“In ainneoin na héilimh ó mhuintir na Gaeltachta le trí bhliain anuas, níor foilsíodh na treoirlínte go fóill. Níl tagairt ar bith ann ar na treoirlínte bhforógra toghcháin Fhianna Fáil.”
Tá sé mar móréileamh ag Tinteán go gcuirfear i bhfeidhm treoirlínte pleanála Gaeltachta láidre maidir le dualgas reachtúil na gcomhairlí contae i dtaobh caomhnú na Gaeilge mar theanga phobail sa Ghaeltacht.
Cháin Tinteán freisin nach raibh ach geallúint scaoilte amháin déanta ag an bpáirtí a bhain leis an ngéarchéim tithíochta sa Ghaeltacht agus botún litríochta déanta sa cháipéis.
Tá sé geallta ag Fianna Fáil go dtacóidh siad le hÚdarás na Gaeltachta tithe a chur ar fáil do “Gaelgóirí” sa Ghaeltacht.
Dúirt Tinteán, “Tá géarchéim tithíochta na Gaeltachta ag réabadh agus ag cur pobail Gaeilge i mbaol.”
“Táimid ag éilimh go dtabharfar an chumhacht reachtúil agus na hacmhainní riachtanacha, idir reatha agus caipitil, d’Údarás na Gaeltachta le Rannóg Tithíochta a bhunú, le cur ar a chumas talamh a cheannach, cead pleanála a fháil, agus seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil.”
I measc na móréileamh eile atá ag Tinteán agus feachtas an olltoghcháin ar siúl, tá siad ag iarraidh go gcuirfear maoiniú ar fáil go bliantúil do Roinn na Gaeltachta chun Scéim na nDeontas Tithíochta Ghaeltachta a reáchtáil arís.
Faoin scéim a bunaíodh i 1929, chuirtí deontais ar fáil do dhaoine sa Ghaeltacht a raibh Gaeilge ar a dtoil acu le tithe nua a thógáil nó le feabhsúcháin a dhéanamh ar thithe a bhí acu cheana féin.
Áfach, cuireadh an scéim seo ar fionraí i 2009 mar chuid de gearradh siar ar chaiteachais an rialtais agus géarchéim eacnamaíochta ar siúl ag an am.
Tá fonn ar Tinteán freisin go gcuirfear Straitéis Daonra agus Tithíochta Gaeltachta le chéile do gach Limistéar Pleanála Teanga Gaeltachta le spriocanna soiléire, intomhaiste a leagadh amach chun fás inbhuanaithe na bpobal Gaeltachta a chinntiú, agus soláthar cuí tithíochta a chinntiú chun tacú leis an bhfás sin.
Tá difríochtaí móra idir leagan Gaeilge agus leagan Béarla fhorógra olltoghcháin Fhianna Fáil. Tá 390 leathanach sa leagan Béarla. Áfach, níl ach ocht leathanach i leagan Gaeilge an fhorógra agus ní dhéantar tagairt ar bith ar an teanga nó an Ghaeltacht ann.
Freisin, maíonn an forógra gur thug Fianna Fáil isteach reachtaíocht nua le cinntiú go mbeadh ar chomhlachtaí poiblí níos mó fógraíochta a dhéanamh i nGaeilge. Áfach, thug an tAire Chultúir Catherine Martin ón gComhaontas Glas an reachtaíocht seo isteach.
Seoladh Tinteán ag Oireachtas na Samhna i gCill Áirne ag tús na míosa seo. Tá sé mar aidhm ag an eagraíocht feachtasaíochta aird a tharraingt ar an ngéarchéim tithíochta i gceantair Ghaeltachta agus an chaoi go gcuireann sé seo isteach ar stádas na Gaeilge ann.
Comhfheachtas idir Bánú agus Conradh na Gaeilge is ea Tinteán. Bunaíodh Bánú mar grúpa feachtasaíochta i gConamara bliain ó shin ach tá sé mar aidhm ag Tinteán ardán náisiúnta a thabhairt don fheachtas.
Thug an foilseachán cuireadh d’Fhianna Fáil trácht a dhéanamh ar an méid a bhí le rá ag Tinteán san alt seo, ach ní bhfuarthas freagra ar bith.